LEATHANACH BAILE
CÉARD A DHÉANAIMID
CÉ MUID FÉIN
TEAGMHÁIL
Ag forbairt acmhainn ollmhór fuinneamh tonn na hÉireann chun foinse nua, glan fuinnimh a sholáthar
FÁILTE
Is cuideachta forbartha Éireannach Tonn Energy, a fhaigheann saineolas agus tacaíocht shuntasach ó Vattenfall agus Wavebob. Oibríonn Tonn Energy le gníomhaireachtaí agus le pobail áitiúla chun fuinneamh tonn a thabhairt trí thionscadail an tsaoil seo, ó bheith ina nuáil theicniúil le súil agus tionscal nua inmharthana mara a dhéanamh as.
Tá sé mar fhís ag Tonn Energy gur féidir le hÉirinn, trí leas a bhaint as an acmhainneacht mhór a bhaineann le fuinneamh tonn, easpórtáil a dhéanamh ar fhuinneamh glan, agus poist agus rathúnas a chruthú, chomh maith lena chinntiú go dtógfaidh fuinneamh glan áit an fhuinnimh shalaigh atá á tháirgeadh faoi láthair.
Ag comhoibriú le heagraíochtaí Éireannacha, tá Tonn Energy ag cur plean oibre taighde agus forbartha i bhfeidhm, a chlúdaíonn ábhair ar nós dearadh leictreach, oibríochtúil agus comhshaoil, a chaithfear a réiteach sula bhféadfar tabhairt faoi imlonnú iomlán. Tá Tonn Energy ag oibriú ar dtús báire ar shraith bheag (5MW) a chur ag obair sula dtabharfar faoi oibríochtaí a bheadh inmharthana ó thaobh tráchtála de ag 250MW.
©Tonn Energy 2009. Comhliontar, forchoimeádtar agus caomhnaítear go cúramach gach ceart a bhaineann le hainmhithe agus leis an duine.
An Comhshaol:
Tá deis shuntasach ag Bord Farraige an Iarthair an acmhainneacht a fhorbairt chun leas a bhaint as fuinneamh tonn amach ón gcósta mar acmhainn ghlan inathnuaite. Tá cosúlacht chomh maith sin ar an méid a d’fhéadfaí a bhaint amach leis na hiarrachtaí seo go bhféadfadh sé tarlú, go teoiriciúil, lá eicínt go mbeifí ag úsáid plandaí ar chósta thiar na hEorpa in áit gual nó fuinneamh núicléach, rud a d’fhágfadh go mbeadh laghdú suntasach ar na himpleachtaí a bheadh ann don chomhshaol.
É sin ráite, chun gur féidir forbairt a dhéanamh ar fhuinneamh tonn agus an méid sin a bhaint amach, is gá dúinn na héiginnteachtaí a bhaineann le héifeachtaí na teicneolaíochta ar an gcomhshaol mara a laghdú. Tá Tonn Energy ag tabhairt faoi chlár oibre chun na héifeachtaí comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ag fuinneamh tonn a mheas, an méid atá ar eolas agus nach bhfuil ar eolas againn a fháil amach agus ansin na bearnaí a líonadh. Mar chuid den chlár, tabharfar faoi dhianshraith scrúduithe eolaíocha chun dul i ngleic le hábhair imní a d’fhéadfadh teacht chun cinn. Cuirfear roinnt de na scrúduithe sin i bhfeidhm i gcomhar le tionscadal Suíomh Tástála Fuinneamh Tonn na hÉireann atá ar bun i mBéal an Mhuirthead i gCo. Mhaigh Eo..
Oibriúcháin:
Tá gairis tiontaithe fuinnimh tonn, cosúil le Wavebob, ag teacht chun cinn as Taighde & Forbairt anois mar ghnó atá indéanta go teicniúil. É sin ráite, tá go leor oibre le déanamh fós chun gairis indéanta ó thaobh oibriúcháin agus sábháilteachta de a bhaint amach ar chósta thiar na hÉireann, sula mbeifear ábalta féachaint ar ghairis a bheadh inmharthana ó thaobh na tráchtála de. Tá Tonn Energy ag déanamh gach iarracht an iliomad ceist oibriúcháin atá ag cur bac ar ghairis inmharthana fuinnimh tonn a shárú, lena n-áirítear na mionsonraí a bhaineann le gairis WEC agus an chaoi a n-oibríonn siad, a ndéantar cothabháil orthu agus na riachtanais i dtaca le soláthar na ngaireas, chomh maith leis na háiseanna calafoirt a theastaíonn chun iad a chur le chéile agus a chur in úsáid.
Braitheann cumas na hÉireann leas a bhaint as an deis a chuireann móracmhainn nádúrtha fuinnimh tonn ar fáil ar ár gcumas na hacmhainní tacaíochta agus innealtóireachta speisialaithe a theastaíonn le haghaidh tionscal éifeachtach, feidhme, a bhunú. Tá go leor de na bunacmhainní san Iarthar cheana féin, ag eírí as an oidhreacht láidir mara atá ann. Caithfear cinn eile, cosúil le soithí, calafoirt agus foirne oibre speisialaithe a fhorbairt.
Innealtóireacht:
Chomh maith le dul i ngleic leis na himpleachtaí comhshaoil, agus an obair a bhainfeadh le fuinneamh tonn a chur i bhfeidhm, tá Tonn Energy ag obair freisin ar na hacmhainní leictreacha (a theastódh chun an acmhainn nua fuinnimh mhara a éascú isteach i meascán fuinnimh inathnuaite na hÉireann) a fhorbairt.
Is méid anaithnid den chuid is mó an leictreachas suntasach a ghinfí as fuinneamh tonn a bheadh forbartha go hiomlán. Tá obair innealtóireachta leictreach ag teastáil chun cinntiú gur féidir cumhacht ar ardchaighdeán a sholáthar isteach san eangach ar bhealach sábháilte agus iontaofa. Ar an dea-uair, tá go leor oibre déanta cheana féin thart ar an obair do thionscail eile cosúil le hola, gás agus fuinneamh gaoithe. Beifear ábalta é seo a oiriúnú do thionscadail fuinnimh tonn in Éirinn.
Ag baint leasa as an taithí shuntasach atá ag Vattenfall ó thaobh giniúint agus tarchur fuinnimh ghaoithe amach ón gcósta, tá Tonn Energy ag comhoibriú le gníomhaireachtaí áitiúla chun an córas tarchuir a theastaíonn, chun méideanna beaga fuinnimh tonn (5MW) a chur amach, a shainiú. Ag an am céanna, tá Tonn Energy ag oibriú chun a chinntiú go mbeidh an acmhainn eangaí in áit in am chun glacadh leis an méid i bhfad níos mó d’fhuinneamh glan, inathnuaite, mara a bheidh á sholáthar.
Pobal:
Cuireann acmhainn mhór tonn nádúrtha na hÉireann deis iontach ar fáil chun poist agus rathúnas a chruthú trí leas a bhaint as fuinneamh glan inathnuaite agus é a easpórtáil. Le dóthain cúraim agus aire díograiseach, creidimid gur féidir forbairt a dhéanamh ar fhuinneamh tonn chun tionscal mara mór nua a chruthú. Tá an deis seo tábhachtach do cheantar tuaithe na hÉireann ach go háirithe. Tá an timpeallacht gharbh, a d’fhág gur fhulaing muintir chósta an iarthair go leor anró sna blianta atá caite, ina bhuntáiste láidir dóibh anois. Is i roinnt de na ceantair is lú forbartha san Iarthar atá an acmhainn inathnuaite is saibhre i bhfoirm fuinnimh tonn.
Ní thuigeann mórán daoine go fóill an fhéidearthacht a bhaineann leis an deis seo. Níl mórán eolais ag na páirtithe leasmhara go háitiúil, ag na cinnteoirí ná ag an bpobal i gcoiteann faoi céard a bheidh i gceist le leas a bhaint as an deis uathúil seo atá ag Éirinn ó thaobh fuinneamh tonn de. I Tonn Energy táimid ag déanamh ár ndícheall a chinntiú go bhfaighidh daoine tuiscint ar fhuinneamh tonn, conas a bhféadfadh sé tarlú agus céard a chiallódh sé do phobail áitiúla agus don tír go ginearálta. Táimid ag déanamh gach iarracht tuiscint a fháil ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag na forbairtí atá molta - na héifeachtaí dearfacha agus diúltacha araon – agus pleananna a athrú dá réir. Tá rún daingean againn a chinntiú gur forbairt dhearfach i ndáiríre a bheidh sa bhfuinneamh tonn don tír seo.
©Tonn Energy 2009. All human and animal rights carefully observed, reserved and preserved.
Giniúint Cumhachta:
Gineann, dáileann agus díolann Vattenfall, cuideachta teoranta poiblí as an tSualainn, leictreachas agus teas do chustaiméirí ar fud na hEorpa. Tá sé ar cheann de na fóntais leictreacha is mó san Eoraip, ag giniúint 160TWh, le díolacháin chomhdhlúite de thart ar €17 billiún in 2008. Cuireann sé a chuid oibriúcháin i bhfeidhm inniu sa tSualainn, sa Danmhairg, san Fhionlainn, sa Ghearmáin, sa Pholainn, san Ísealtír, sa Ríocht Aontaithe agus anois in Éirinn. Tá 38,000 duine fostaithe ag an nGrúpa agus tá an mháthairchuideachta, Vattenfall AB, faoi úinéireacht 100% Stát na Sualainne. Tá an grúpa tar éis forbairt i margaí na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann tar éis dóibh an tionscadal 300MW Thanet Offshore Wind a cheannach i Kent. In 2008 cheannaigh Vattenfall na cuideachtaí cumhachta gaoithe AMEC Wind Energy Ltd. agus Eclipse Energy Plc, rud a fhágann go bhfuil Vattenfall ar cheann de na hoibritheoirí cumhachta gaoithe is mó sa Bhreatain a oibríonn ar an talamh agus amach ón gcósta.
Déanann Lars G Josefsson, Príomhfheidhmeannach Vattenfall, stocaireacht láidir ar son teorainn astaíochta domhanda agus ar son córas trádála domhanda do dhé-ocsaíd charbóin. Bhunaigh sé an 3C Initiative, faoinar aontaigh 67 de na cuideachtaí is mó ar domhan ar phrionsabail chun “sochaí le hastaíochtaí íseal” a chruthú. I mí an Mheithimh 2009, ghlac Josefsson le cuireadh ó Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Ban Ki-moon Uasal, bheith ina bhall den Ghrúpa Comhairleach ar Fhuinneamh agus ar Athrú Aeráide.
Teicneolaíocht Tiontaithe Cumhachta:
Is cuideachta teicneolaíocht dhúchasach Wavebob Ltd. a bunaíodh i 1999 agus a bhfuil a ceanncheathrú aige in Éirinn agus ag a bhfuil paitinní idirnáisiúnta aige do theicneolaíocht tiontaithe fuinnimh tonn. Tá Wavebob Ltd. tar éis an chéad ghaireas Éireannach a tháirgeadh agus tá sé ar cheann de dhornán atá ar fáil ar fud an domhain ar éirigh leo leas a bhaint as fuinneamh na dtonn. Cuireadh fréamhshamhail ‘Wavebob’ in áit ar shuíomh tástála Fhoras na Mara ar an Spidéal i gCo. na Gaillimhe i mí an Mhárta 2006. Ba é an chéad ghaireas é le leictreachas a ghiniúint in uiscí na hÉireann, ag baint 3000 uair an chloig amach.
.
Seoladh: Halla Mhic Liam, Plás Mhic Liam,
Baile Átha Cliath 2, Éirinn.
Teil: +353.1.669.8524
Ríomhphost: info_tonnenergy.ie
Suíomh idirlín: http://www.tonnenergy.ie